School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)
- Location:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Feirmeóir, agus an Tighearna Talmhan.
Bhí feirmeóir dar b'ainm dó Mícheál Ó Cruadhlaoich 'na chómhnuidhe i gCiarraidhe fad fadó, agus bhí sé anbhocht, cé gur duine gnóthach dícheallach é. Ní fhéadfhadh sé a chíos do dhíol agus togha droch-dhuine do b'eadh an Tighearna Talmhan, agus nuair a bhíodh fearg ar an dTighearna Talmhan, ní fhéadfadh aoinne labhairt leis. Lá chuaidh an Tighearna Talmhan ag fiadhach, agus bhí an t-ádh 'na choinnib - mar níor mhairbh sé faich. Tháinig sé abhaile go canncarach agus ar a slíghe dhó abhaile chonnaich sé bó dhubh an fheirmóra agus scaoil sé piléar tríthi. Chuala bean an fheirmóra an t-urcar, agus rith sí fé dhéin na h-áite. Tháinig brón uirthi agus thosnuig sí ag gol. Bhí an feirmeór i gcruadh-chás, ach ní fhéadfhadh leis focal do labhairt, ach 'na aighne féin, thug sé an bean go mbeadh díoghaltas aige as. Sciob sé an chroiceann de'n bhuaidh, agus le tuitim na h-oidhche, shuidh leis fé dhéin an mhargaidh ar eagla go bhfeicheadh an Tighearna Talmhan é. Bhí scannradh air. Tré choill a chuaidh sé agus cheap sé gur chuala se fothram. Anáirde leis ar chrann, agus i gceann tamaill, tháinig dream bitheamhna ag bun an chrainn. Bhí cófra mór acu, lán d'airgead is d'ór. Thosnuigheadar ag troid mar gheall ar "roinnt a stór." D'oscuil súile an fheirmóra, agus tháinig dúil sa ciste air. Chaith sé croiceann na bó uaidh síos. Nuair chonnaich na bitheamhnaigh an cheann mór, na h-adarca, agus an croiceann dubh ag teacht ó'n spéir, cheapadar gur bh'é an diabhal(continues on next page)- Collector
- Sean Naughton
- Gender
- Male