School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)
- Location:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann na gCoileach
- XML Page 091
- XML “Peitticoat Loose”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean in a comhnuidhe i nGleann Chárthaigh fadó agus is é an leas-ainim a bhí uirthi ná Peitticoat Loose. Bean nimhneach, searbh, canncarach, droch-bhéasach ab eadh í. Bhí fear an-ghnóthach, siubhalcéach dar b'ainm dó Seán Breathnach na chómhnuidhe le na h-ais. Bhí driotháir eile ag Seán agus do bhí sé in a chómhnuidhe cóngharach dó'n mnaoi seo.
Ní rabhadar an-muintreadha le na céile ach pé rud a thuit do mhairbh Petticoat Loose é. Ní raibh Seán ró-bhuidheach dí mar gheall ar an droch-obair a dhein sí. Nuair casadh Seán ar Petticoat Loose sé seo mar a labhair sé -
Dá mbéinn-se féin thuaidh
Agus biche agam nó tuag
Cuirfinn-se rith ar an mbhean ruaidh
Is chasadh mo dhriotháir a dthuaid- Collector
- Nora Joy
- Gender
- Female