School: Gleann na gCoileach (roll number 1583)
- Location:
- Glannagilliagh, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Ríoghbhardáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An fear agus an spridBhí fear ann fadó agus bhíodh an-dhúil aige bheith amuigh san oidhche ar lorg ghrinn. Oidhche áirighthe tháinig sé abhaile agus bhí a athair ann roimis, agus buadhairt agus brón air mar ní raibh aon tobac aige as go bráth leis an mac ar lorg tobac d'á athair. Chas sprid air a an mbóthar agus thug sí clamhtóg céirsiúr dó agus am briathar gur mhothuig sé é. Ní raibh faich aige chun é féin do chosaint ach rug sé uirthi agus do tharraing sé abhaile í. Gheall sí dó ná déanfaidh sí a thuille clampair sa ceanntair agus do scaoileadh saor í. Oidhche eile cas triúr fear air, ar an mbóthar agus bhíodar ag breith cómhrá go dthí an roilg. Thug sé conghnamh dóibh ach taréis tamaill d'imthigheadar as a radharc agus annsan do bhí sé i gcruadh-chás. Thug sé an cómhra abhaile leis agus cad a bheadh ann, ach bean óg áluinn, ach bhí sí balb. D'fhan sí sa tig ar feadh tamall. Oidhche eile agus é amuigh arís. Bhí sé ag siúbhal in aice leasa. Chuala sé ceól sa lis agus is í do bhí go h-áluinn. Anios agus arís do stad an ceól agus do chuala sé cómhradh imeasg na sprideanna a bhí istig mar gheall ar an mhnaoi a bhí caillte acu agus dúbhradar. Dá bfaghaidh sí trí deoceanna as corn a bhí sa lis go bfaghaidh a cainnt. Isteach(continues on next page)
- Collector
- S. Murphy