School: Eanach Mór (roll number 13912)
- Location:
- Annagh More, Co. Mayo
- Teacher: Mártain Ó Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eanach Mór
- XML Page 14
- XML “Seanfhocail agus Cora Cainte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. "Faollí garbh, Márt' mín, Aibreán bog braonach, Bealtaine béal-fhliuch, Samhradh riabhach, Fóghmhar grianach
Sin é moladh na bliadhna
L.
2. An ghaoth adthuaidh bíonn sí cruaidh is cuireann sí fuacht ar dhaoine
An ghaoth aniar bíonn sí fíor, is cuireann sí iasc go tír.
An ghaoth anoir bíonn sí tor, is cuireann sí goir i gcaoraigh.
An ghaoth andeas bíonn sí tais, is cuireann sí drab ar bhrístí. L.3. Ní thig liom a dul i n-easair chrog leis tá mé i n-a thuilleamuidhe i n-easair chrog = ag troid. T.4. An crann a fhásas go suaimhneach bíonn sé lag.
5. Námhaid do'n cheird gan an fhoghluim. T.
6. Toiseach ceatha ceo, toiseach catha gleo, deireadh áith a losc [?])
7. Tabhair a gcuid dobhtha agus coinnigh uatha (cómhair la i dtaobh na sagart)
8. Tá oiread ar iarraidh uait le cailleach an tinncéara[?] (déarfaidhe é seo le duine a bhéadh ag iarraidh an iomarca[?]
9. Dheamhan gcineadh mhic a' luain a bhí ann ach Seán ("devil a" one was in it but Seán) L.
10. Sé an cás céadna é idir min agus braich mar adubhairt an Paorach nuair a scaip sé an bhraich a mháthair. (Déarfaidhe é seo nuair nár bh'fhiu le duine tíoghbhus a dheanamh ar rudaí) L.
11. Nár théig suaithe ar do lointhe (nuair a gheibhtear bainne) L.(continues on next page)- Collector
- Mártain Ó Braonáin
- Gender
- Male