Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Killarney, Co. Kerry
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Fear siubhal gaibh sé an tslighe go dtí Seán Ua Beaglaidhe. Dubhairt sé le Seán go raibh fhios aige sagart a bhí cun bás d’fhághail nuair a bheadh sé bliain is fiche ‘na shagart agus go marbhóchadh tóirneach é. Nuair a chuala athair an t-sagairt é sin d’imthig sé agus ráin aige. Chuaidh sé ag déanamh puill thíos sa talaimh, áit ‘na raibh cloch mhór groidhe. Bhí sé déanta ansan aige. Nuair a tháinig an lá dubhairt an t-athair leis a shagart dul sa pholl, dul ann cun é féin do chosaint ón dtóirneach. Dubhairt sé ná raghadh-
D’imthig sé amach fén aer agus a leabhar aige á léigheamh agus tháinig an tóirneach agus dhein an tóirneach sgoilteóga de’n gcloich. Tuit an tóirneach ‘na áit ‘na raibh an chloch. Do mhair an sagart. Níor imtigh aon nídh air.
Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
Mícheál Ua Muircheartaig
Tig na mBocht, Cill ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
Baile na h-Abhainn
Paróiste Mórach
Co. Ciarraidhe- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Killarney, Co. Kerry