Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Killarney, Co. Kerry
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Leathanach 119
- XML “Scéal fá Eoghan Rua Ó Súilleabháin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal fá Eoghan Ruadh Ó ShúilleabháinBhí sagart paróiste agus sagart óg ar an mbóthar lá. Connacadar Eóghan Ruadh ag teacht chúca. Dubhairt an sagart óg go gcuirfeadh sé “Silence” air. “Bfearra dhuit é scaoileadh thart" ” arsan sagart paróiste. “Is cuma liom mhuise” arsa’n sagart óg. Bhí an fiach dubh ós a gcionn in áirde ins an spéir agus “bhác bhác” aige. “Cad tá a rá” arsa’n sagart le h-Eoghan Ruadh. “Tá --
“Nuair a raghaidh an mhíol mór ar an Maing.
Nuair a raghaidh an Fhrainnc go Sliabh Mis.
Nuair a thréigfidh an eaglais an t-sainnt.
Sin í an uair a tiocfaidh an cainnt d’on bhfiach dubh.”Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht,
Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Killarney, Co. Kerry