School: Eanach Mór (roll number 13912)

Location:
An tEanach Mór, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Mártain Ó Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 56

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0142, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eanach Mór
  2. XML Page 56
  3. XML “Baint Feasa as Cnámh Slinneáin an Ghiorria”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé go dtiocfadh sé acht ní subgháileach a bhí an fear mar bhí faitcíos air. Acht cé bith sin de tháinig sé. San am seo bhí soitheach ar ancoire i nAicill Beag agus creidim go raibh siad ag imirt is ag ól, is ag chuile caitheamh aimsire agus bhí amharc acu ar an tsolus a bhí ar fhuinneoig an tíghe seo.
    Bhí siad (muinntir an tíghe) ag ithe dinnéir agus bhí chuile cineál feoil ar an mbord acu. Imeasg na gcineálta feoil bhí girrfiadh. Nuair a bhí siad ag ithe dubhairt fear a' tíghe leis an slinneánaidhe "Anois a Shéamuis tá slinneán an ghirrfiaidh annsin agat agus tá súil agam go mbainfidh tú fios" (as).
    Cailleann an slinneán an míorbhuilt má fhágann siad lámh, nó méar, nó sgian air, agus níl aon leigheas acu air acht an girrfiadh a fhágáíl ag bruith nó go sgillidh an fheoil de na cnámhaibh.
    Thóg sé an cnámh slinneáin i n a láimh agus dhearc sé tríd. "Ceád a fheiceanns tú a Shéamuis?" arsa fear a tíghe. "Feicim rud nach maith liom" ar seisean. "Céard sin a Shéámuis?" ars fear a' tíghe. "Feicim fear ag an mbord seo iosfas an fheoil ach nach mbéidh (?) beo leis an anbhruith ól."
    Níor luaithe a bhí an tairngaireacht sin déanta aige ná tháinig an piléir isteach thríd an bhfuinneoig agus mharbhuigh sé fear a' tíghe. Ba sheo piléir ó'n long a bhí ar ancoire ag Acaill Beag, mar bhí sé os coinne an tíghe seo agus ar aghaidh an tsoluis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. lucht feasa (~116)
    Language
    Irish
    Collector
    Mártain Ó Braonáin
    Gender
    Male