Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh aon bhraon innte, nuair a bhí sé ag teacht. Níor mhothuig sé aon nídh in Éirinn gur chuaidh sé isteach ‘na chorp lár.
D’fhiafruigh na fir dá sagart beannuighthe ar gcuala sé aon nídh ó mhaidin. “Níor chualas aon sgéal go mbeadh aon iongantas ann” ar seisean. “Chualamar-na sgéalta” ar síad. “Cad é an sgéal” ars’an sagart. “An fear a ghaibh annso indé, báthaidh sa tráigh é agus é ag teacht tráthnóna réidh.” “Nách dubhairt-sa libh” ars’an sagart “gur minic a imthig agus ná fillfeadh. Ar chreideabhar mé nuair a dubhairt an focal san indé?” “Bhíos ar dhuine aca agus níor chreideas tú a Athair.” “Bheul an gcreidfidh tú mé an chéad uair eile?” Creidfidh mé an chéad uair eile. Do chreidfinn an uair sin leis ach ní rabhas siúrálta dhe ach ba mhór an nídh liom an fhírinne d’innsint duit indiu.”Ainm an duine ó’n a bhfuaireas é seo:-
Mícheál Ua Muircheartaigh (82)
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Paróiste Mórach,
Baile na h-Abhainn.- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí