Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán
“Is fada mise ar buairtibh ag lorg tuairisc mo ghrádha”
AmhránIs fada mise ar buairthibh ag lorg tuairisc mo ghrádha,
‘Measc coille dubh-uaigneach am ghruagairt chun fáin
Aon t-amharch ní bhfuaireas cé go gcuarduigheas a láin
Ó Claisín na Tuamba go bruach-gheal na trágha 2.
Nuair a chas mo ghrádh orm níor bhfioláir liom bean saoi;
Do bhuaileas mo lámh dheas ar a brágaid agus ar a píp,
‘Se dubhairt sí liom, “Fág mé. Ní h-amharc duit mé
Ach gur bean óg ar a’ bhfáin mé, is tabhair do dhán fé’s gach buidhin,
Mar ní shíneas mo thaobh dheas le h-aoinne fós fe’n Rí,
Ach bog díom do ghéaga; táim déadhnach óm bhuidhin. 3.
D’fháisgeas mo ghéaga ar a caol coimín mín
Agus uaim-se do léim sí go Ré-Cnoch na mná duibhe.
Ainm an duine ó’n a bhfuaireas é seo:-
Pádruig Ó Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Cúise.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí