Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SaighdiúiríAg seo thíos fé mar do leisteáilis saighdiúirí ná raibh fonn ortha dul isteach san arm in allód-go leór dighe a thabhairt dóibh chun iad do chur ar meisce. Thugaidís deich bpingin dóibh annsan agus nuair a thógaidís é sin bhídís cómh liostálta leo féin. Bhíodh ar gach líon-tighe na saighdiúirí do chothú. Muna ndeinidís amhlaidh cuiridís na daoine as seilbh láithreach bonn baill. Dubhairt Domhnall Ó Conaill go raibh an ceathrú cuid ag na ministéirí agus ag na saighdiúirí gan buidheachas. Aon nidh a d’iarraidh an saighdiúir ar an bhfeirmeóir a mharbhú dhó féin do bheadh air é do dhéanamh. Ag seo mar adubhairt saighdiúir tráth:-
“Dá mhéid bric na h-abhann a íosfaidh mé
‘se Seagháin Baile na h-Abhann a dhíolfaidh asam.”
Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéul:-
Seán Ua Muircheartaig (75)
Tig na mBocht, Cill ÁirneAinm an cheanntair ‘nar chaith sí a óige:-
Gleann Carrthaigh- Faisnéiseoir
- Seán Ua Muirceartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí