Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san go raghadh sí isteach is amach tríd do ceann. Bíonn sioc ag teacht.
Comharthaí Stoirme. Nuair a bheadh na scamaill ag imtheacht ar an spéir gur ar éigin a chifeá ag imtheacht iad, bheadh ana ghála cúghat. “Fáiscimís suas gach aon nídh. Tá an gála cughainn, pé cé indiu nó amáireach a geóbhaimídh é” a deiridís.
An Ghrian. Dá dtéigheadh sí síos múchta brónach, bheadh ana droch aimsear cúghat. Bíonn réiltíní ana gann ar an spéir aimsear sheaca, ach bíonn ard sholas ionnta.
An Gealach. Nuair a bhíonn an ré ‘na seasamh deas díreach ar an spéir, gheobhfá aimsir ana bhreágh aisti, ach nuair a bhíonn sí ‘na suidhe-taobh an tsoluis síos di agus an taobh dorcha anáirde gheóbhfair ana dhroch aimsir aisti. Má bhíonn bogha sín síar ó dheas gheóbhfá ana droch aimsir. Má bhíonn an bogha sín soir ó thúaidh gheóbhfá aimsir bhreágh. Dá bhfeictheá bogha sín leis na ceithre dath ann gheóbhfá ceathanna fuar-sneachtaidh. Dá bhfeicteá bogha-sín leis an dá dath ní bheadh sé go h-olc ar fad in aon chor. “Ní h-aon ana-bhuachaill é sin.”
“Níos dtráithg” a tugtar ar éanlaithe a thagann ó’n bhfairrge. Tagann sí aníos nuair a bhíonn droch aimsir chúca. Tá síad níos mó go mór ná an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí