Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nósanna a bhaineann le bás.Ní ceart uaig d’oscailt maidin Dé Lúain.
Baineann siad dá scráith de’n uaigh Dé Domhnaigh.
Nuair a chuirtear duine san uaig is cóir a chosa a shíneadh soir ó dheas. Deirtear soir ó dheas atá Flaitheas Dé.
Nuair a chuirtear duine san uaig deintear na “rivití” do thógaint anois agus cuirtear ar clabhar cómhrann iad go mbeadh cead ag an gcorp eirighe agus ná beadh nídh á coiméad.
Deineann duine de mhuinntir an duine mhairbh an uaig d’oscailt agus ní ceart é dul in a aonar.
Nuair a bhíonn an corp á chur cuirtear anuas ar clabhar na cómhrann na cnámha a bhí san uaig roimhis sin.
Nuair a tógtar amach an corp as a dtig tógtar amach gach stól agus gach aon chlár go mbíonn na daoine ‘na suidhe ortha ar feadh na h-oidhche. Iompuighthear an bórd taobh síos suas. Sin nós atá riamh ann agus beidh go deo.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí