Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Deintí an geir do leaghadh agus é do chur i gcrúsga. Geóbhfá an múnla annsan agus páideóg. Bheadh tairgne ann cun an páideóg do coiméad sínte. Sgaoilfeá an geir isteach sa mhúnla. An múnla do cur síos san uisge fuar. Nuair a bheadh sí crúaidh fuar ansan d’fhéadfá é do tharrac amach.
Amannta eile do mairbhuighidís lunga agus maidráí éisg (is fearr íle an madra). Deinidís an t-iasg do gearradh agus bhainidís amach an ae. Chuiridís an ae ar an dteine san sliogadh cun é do leaghadh agus an íle d’fághailt. Amach an doras leis annsan agus cuiridís an íle i mbuidéil. Chuiridís páideóg san mbuidéal agus ar sgrugall an bhuidéil chuiridís clúdach píopa agus tré poll an chlúdaig bhíodh páideóg de corduroy. Na daoine a bhíodh cois na fairrge dhíolaidís an íle agus ghéibhidís leath raoil an gloine air. An té go mbíod muillean aige níor mhaith leis in aon chor an íle a bheith ar an olann. B’fhearr leis an íle féin do chur ann – íle ráibe a tugadh air. Ainm an duine ó’n a bhfuaras é
Mícheál Ua Muircheartaig
Tig na mBocht,
Cill ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Baile na h-Abhainn
Paróiste na Mórach- Faisnéiseoir
- Míceál Ua Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí