Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéulFear bocht agus a bhean a bhí ag siubhal rómpha ag bailiú déirce. Dubhairt an bhean leis go raghaidís ag bailiú ubh agus nuair a chuirfidís ag gor na h-uibhe go ndíolfaidís na cearcha annsan agus go gceannóchfaidís feirm talmhan. “Cad a cuirfeadh stoch duit air?” ars’an fear. “Díolfaidh mé an féar a bheidh air” ar sise “agus spárálfaimíd suas gach aon phinginn.” Bhíodar ag bailiú rómpa – aon áit go bhfaighidís cúpla ubh, do thógfaidís iad. Bhíodar á’ mbailiú isteach an stoca ach bhí ana dhúil i ngal tobac aici, agus dubhairt sí leis an bhfear go cóimreóchaidís na h-uibhe, féachaint an mbeadh fíacha d'únsa tobac. Taisbeán i leith iad go gcoimreóchaidh iad.” Comhairig sé na h-uibhe ach do rug an fear ar an stoca agus bhuail sé isteach sa phus í leis:- “Ní bheidh san ná súd anois againn” ar sise. “Is maith an sgéul é mar is fada atá tú á thuilleamh.” D’imthigh sé uaithe annsan agus straidhn air. “Tabhair-sé
do bhóthair ort agus tabhairfadh-sa mo bhóthar orm.” Chuireadar dóibh annsan – d’imthigh duine acu soir agus duine acu síar. Bhuaileadar le chéile i gcionn coighthidheas airís. “Tá sé chómh maith againn gan a bheith ag coiméad na h-oibre seo súas níos sía” arsan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí