Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le Dia (ag baint a hata dhe) bheith ann na dhiaidh.” (2)
Bhí tighearna talmhan Lord Ventry i mBaile an Góilín agus thógad sé tonna féir uatha nó stáca coirce nó na beithidhg úatha inead an cíosa. Coiméadhadh sé na beithidhg a trí nó a ceathair de bliantaibh agus cuiread sé ar thalmhan maith íad. Bhí na daoine ana bhuidéach dó mar ní raibh sé go h-olc in aon cor. Bhí ana trúag aige dos na baintreacaca bíodh ann, go mór mhór nuair a bíodh leanbaí óg acu agus gan iad ábalta aon cíos do díol. Ní tógfadh aoinne suas an talamh dá gcuiread sé an bhaintreach amac. Is minic a deiread sé féin é sin. (3)
Nuair a bhíodh feirmeóir gan a cíos do dhíol thagadh na báillí agus bailigídís ba an baile leo (ba an té go mbíod sé díolta cuirtí isteac íad comh maith, caithead an feirmeóir ceithre sgillinge nó an oiread a díol cun íad thabhairt leo aríst. Bhí fear ann agus dubhairt sé le na cómhursan “Ó Mhuire, tá bailiú san póna bán anocht.” "Ó Muire ní póna bán é sin ac póna dubh an díabhal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí