Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine cáileamhlaParson Hoare as Breanndan ( Lios-na-Caol-Buidhe). Is minic a bhíoadh mórsheisear daoine leagthta ar a chéile aige agus é ag imirt peile. Dubharthas go raibh sé cómh láidir le h-asal a bheadh láidir go maith. Do shiubhal fear ó Gleann Cárthaig go Tráighlí (fiche is a h-ocht míle) agus bhí sé abhaile arís ar a seacht a clog um thráthnóna. Táilliúr ó’n Daingean (Mícheál Ó Séaghdha) bhí sé i dTráighlí agus bhí an ‘mail-car’ ag teacht (ó’n) go dtí an Daingean ach bhí Mícheál ag stáisiún an Daingin roimpi. Fuair sé leath-coróinn ó fear an ‘mail-car’ cun deoch a thógaint.
Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
Mícheál Ua Muircheartaig
Tig na mBocht,
Cill ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Baile na h-Abhainn
Paróiste Mórach
Co. Ciarraidhe- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Muircheataig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí