Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cam Caláin na Bláthaí Géire, Cam Ocrach agus Uaigneach (ar lean)

    Bhí beirt pairtidhthe in a gcómhnuidhe in aonfeacht le na chéile, bhíodar ag déanamh "potín"...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    tabhair leat an ráil móna agus chuir bairle bláthaighe géire isteac sa ráil agus cuir an móin mór dtimcheall uirthi chun é do clúdach agus má taghann aoinne des na peiléir ag ceannach na ráile uait bí ana neamhspleadhach leo.
    D’imhthig sé agus dhein sé mar a deir an comrade agus thug sé an ráil móna agus an bairille istig ann go dtí an baile mór. Ag an gcrios bóthair míle ó’n baile mór bhí na peiléirí amach ‘na choinne. D’fhiafruigheadh dó cad a bhí uaidh ar an ráil móna. Dubhairt sé leó ná díolfadh sé in aon chor leo é. D’fhiafruigheadar de cadh ‘na thaobh, “do bhean bocht atá istig sa baile mór atáim á thabhairt” arsan fear, “ná bach san” ar siad leis “díol linn é mar teastuigheann uainn é.” D’imthigheadar uaidh annsan agus cuadar go dtí an margadh. Dubharadar leis an bhfear a bhí ós a gcionn ná raibh aon mhaitheas dóibh a bheith ag gábhail dó, ná díolfaidh sé leo é. “Díolfad sé liomsa é,” ar seisean “dá neamhpleadhach is a bheadh sé.”
    D’imthtig sé go dtí an baile mór é féin annsan agus do bhuail sé leis. D’fhiafruig sé de cad a bhí uaidh ar an ráil móna. “Nach dubhairt le ceathrar duine fós ná díolfainn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí