Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Naomh PádruigBhí piast mór ann, luccoireáití a glaodtí air. D’íosfadh sé gach aon nídh a thiocfadh treasna. Nuair a tháinig Naomh Pádruig, sin é an uair a cuiread corcán ar a cheann. “Mara mbeadh an corcán do cuireadh ar mo cheann d’íosfainn trian agus leath an domhain “ adubhairt an píast.
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Sean-sgéul.Bhí Naomh Padraigh agus Naomh Seosaimh ag siubhal an bhóthair. Bhuail blúine airgid ar an mbóthar rómpa. “Chaith faid na faille uait é” arsa Naomh Pádraig. Caith sé uaidh an t-airgead bán. Nuair a bhuail an blúine óir leis, dubhairt sé leis an rud céadhna do dhéanamh leis. “Ní déanfaid” arsa Naomh Seósamh. “Bheul mara ndéanfair beidh ceann an creidimh sanntúil go deo.” Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéal:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht,
Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.