Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Paidreacha1. Grásta Dé chúgham is pinginí airgid!
2. Go gcuiridh Dia ‘na leabhar thú agus nar bainfidh an domhan as tú!
3. Grásta Dé chúghainn is adbhar léine anairhte.
4. Dé bheatha féin agus do t-ualach!
5. Nár agraidh Día orm é!
6. Beannacht Dé le h-anaman na marbh agus le h-anam na marbaibh caitlicí an domhain mar a n-órduigheann Dia agus an Eaglais dúinn guidhe ortha!
7. Coigilim an teine seo mar choigileann Día cách.
Muire dá gceann an tighe againn agus Bríd na lár.
A bhfuil d’aingealaibh is d’aspalaibh i gcathair Íosa.
Ag cóinleacht an tighe seo, agus an líon-tighe go lá!
8. Cabhair, agus grásta, agus cáirde ó Dhia cúghainn.
Cabhair gach lá atáim ‘dá íarraidh. Sacraimínt na h-aithridhe ‘gus neartuighídh Dia linn.
Cómraide m’anamha ort,
A Mhuire Maighdean Thíghearna!(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síghle Pléimionn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Pléimionn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tuar Mór, Co. Chiarraí