Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí bean ann fadó. Siobháin Ní Brosnacháin a b’ainm di. Ní dubhairt sí le h-aoinne ríamh a chuaidh isteach “Bí id’ shuidhe.” Dubhairt an bhuachaill seo, dárbh ainm dó Seán le na compánaig go dtástálfadh sé féin í.
“Ní h-aon cabhair duit é” ar síad. “An gcuirfidh tú síos geall air?” “Cuirfidh mé” ars’an fear eile.
“Cad é an geall?” “Deich sgillinge.” “Tógfaidh mé suas é.”
“Cionnus a bheidh fhios agam go n-abróchaidh sí é?”
“Leig dod’ driothair teach liom.” “Táim sásta leis.” Chuaidh an beirt isteach.
“Cad is ainm duit” ar sise. “Seán bí id’ shuidhe.”
“Seán bí id’ shuidhe!” ar sise le sean-bhlas air.
“Beidh mé cheana le toil mná an tíghe” arsa Seán agus shuidh sé.
“Ní h-é sin a deirim in aon chor.” “Ó tá fhios agam go dían mhaith gur annamh leat é do rádh. Tabhair dom greim le n-ithe” arsa Seán.
“Do thabharfainn dá mbadh dhóich liom go dtáctfadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí