School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)
- Location:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Teacher: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cros Mhór CholmchilleSeo dán a sgríobh Antoine Ó Dochartaigh, An Fhálcarrach ( nach maireann) ar an Cros seo-(Cunntas na ndaoineadh ar cad fáth nár tugadh go Toraigh í)
D'éirigh leo i dToraigh go sona's go bréagh
O cuireadh 'n creideamh ar bun ann, ag feabshughadh gach lá
Bhí cleír ann ag obair le dúthracht a gcroidhe
A's bráithre 'tabhairt cuididh le cúram a's brigh;
Thainic ann mórán daoineadh as Éirinn anall
Go rabh pobal mór líonmhar 'san oileán ar ball,
Nuair 'thigeadh Colm é féin ann badh shásta bhíodh sé
Óir bhí grásta 's grádh Dé ann 's gan aoinneach ar strae.Acht go fóill, do réir a mheasa, bhí aon nidh dé dhith,
A's go líonfidh an easbhaidh ní bhfhuigheadh sé scithiste ar bith,
Cros deágh-chumtha na deilbh ó'n bhun go dtí'n ceann
Ba mhaith leis i seilbh na n-uachtarán ann;
Le h-adhbhar ceart 'fhaghail dí do shiubhail sé a lán,
In ióchtar tíre, chois sáile, ní rabh sin dó i ndán,
Acht fuair sé tuairisc dá mbíodh sé fan Mhucais 'muigh thuas
Gur cinnte go bhfuigheadh sé a iarraidh le luas.
Ní luáithe a chualaidh sé'n nuaidheacht 'na chuaidh
Chuig an chnoc suas ag gluaiseacht 's fuair ann leac breág chruaidh(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Cumhaill
- Gender
- Female
- Address
- Droim na Tine, Co. Donegal
- Informant
- R. Ní Dochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Fál Carrach, Co. Donegal