School: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (roll number 10842)
- Location:
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Teacher: Róisín, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-am a bhí Naomh Colmcille ag tabhairt an crois as Mucais isteach go Toraigh bris an chrois ag an t-sean roilig thior ag Raithte agus cha rabh siad ábalta an chrois a thabairt níos fuide. Shiubhal Colmcille agus a chuid manaigh sior go taobh an fhairrge agus iad ag cuartughadh aít mhaith le dul isteach go Toraigh i mbád. Bhí tart mór ortha agus chá rabh fhios acu áit ar bith le uisge a fhághail ann. Bhí bata mór ag Naomh Fíonán in a lámh agus bhuail sé an creig leis an bháta agus tháinig uisge amach as. D'ól siad uilig a sáith uisge agus tá an t-uisge sin ag teacht amach as an chreig go foíll. Ar an cúig adh lá déag de Mí Fóghmar sin an lá a theígheann an chuid is mó daoine fhad le eas Fíonán. Baineann na daoine dóbhtha a gcuid bróga agus siubhalann siad thart fán creig ag deanamh an turas. Bíonn clocha beaga ag na daonaí in a lámha leobhtha. Annsin rachann siad síos agus nigheann siad a gcuid lámha a gcuid cosa agus a n-aghaidh leis an uisge