School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Coolaran, Co. Galway
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0022
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nach beag an náire atá ort istigh in do codhladh an am seo sa lá agus do dhearbhshair ag dul ama[ch] chuig an roilig."
D'eirigh Liam aniar agus sgéin in a shúile D'fhiarr sé ar a gcuid éadaigh. "Nach bhfuil do chuid éadaigh ort a amadáin" arsa an bhean. Nuair a chonnaic sé é féin dubh shíl sé gurbh é a gcuid éadaigh a bhí air agus amach leis go dtí teach an chorip. [!]
Bhí na daoine baluighthe uiligh an tam seo le h-aghaidh na sochruidhthe agus nuair a chonnaic siad an fear dubh ag teacht shíleadar gurbh é spirid an fear caillte a bhí ann agus is beag nár thuit siad as a seasamh le teann faitchios agus mór ionghantas. Rith an mhéad a bhí in ann ritheadh a dhéanamh agus thuit an mhéad eile i lagthar. Isteach leis an fear dubh agus níor bhrath sé rud ar bith agus sheas sé in aice leis an teine.
Nuair a chuala an fear caillte an gleo agus an obair d'fhosgail sé a shúile agus d'fheach sé amach ar an bhfear dubh. Nuair a chonnaic an fear dubh é seo bhuail faitchios mór é agus as go bráth leis ar a seacht míle dithcheall i ndhiaidh na daoine eile agus an fear caillte na dhiaidh ar fad. Nuair a chonnaic na daoine é seo ritheadar 'na ndithcheall comh traen n-Éireann is d'féad síad mar a bhfuil(continues on next page)- Collector
- Bríghíd Seoighe
- Gender
- Female
- Address
- Carheenlea, Co. Galway
- Informant
- Tomás Seoighe
- Gender
- Male
- Address
- Carheenlea, Co. Galway