School: Cúl Árann (Clochar)
- Location:
- Coolaran, Co. Galway
- Teacher: An tSr Fionnbharr Nic Chárthaig
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cúl Árann (Clochar)
- XML Page 0027
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cnoí a chuir faoí na ceann nuair a bheadh sí ins an gcomhra.
Rinneadar mar a dúbhradh leo acht chúala fear éigin é agus dúbhairt sé leis féin go mbheadh béile maith aige as na cnoí. Nuair a bhí sí san uaigh thosuigh sé ar a bhealach go dtí an róilig. Sul ar shrois sé é bhúail beirt fhear leis agus d'innis sé a sgéal dóibh agus dúbhairth siad leis go raibh siad féin ag goid caorach agus dúbhairt siad go dtiocfhadh sé ar ais go dtí an roilig arís dhó. Nuair a shrois sé an roiligh thosuigh sé ag baint an chré, thóg sé suas an comhra, d'oscail sé é, thóg sé amach na cnói agus thosuigh 'ghá n-ithe.
Bhí teach an t-shagairt tamall gearr ó'n roilig agus bhí ar cailín an t-sagairt uisge a thúbhairt isteach le h-aghaidh na h-oidhche agus bhí uirthí dul tríd an roilig ag dul go dtí an tobar. Nuair a bhí sí in aice leis an roilig chuala sí torann na gcnó ag an uaigh agus cheap sí gurbh í an bean marbh a bhí 'ghá mbhriseadh. Rith sí abhaile agus dúbhairt sí leis an (mbuchaill) mbuachaill go raibh an bean na suidhe ar an gcomhra agus í ag briseadh na gcnó. Dúbhairt an buachaill go rachadh sé féin chuig an tobar agus nach mbheadh faithchios air. Nuair a bhí sé ag teacht in aice leis an roilig chúala sé an torann agus bhuail faitchios é agus(continues on next page)- Collector
- Bríghid Seoighe
- Gender
- Female
- Address
- Carheenlea, Co. Galway
- Informant
- Tomás Seoighe
- Gender
- Male
- Address
- Carheenlea, Co. Galway