School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 070
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Fé. Cuirtear bruscar aráin isteach ins an bpoll, léimeann an t-éan ar na meatháin nuair a éidheann sé an t-arán.
Tuiteann na meatháin agus bíonn sé gabhtha fé'n bhfóidín. - Tá méadar againn sa-bhaile.
Do cheannuigheamar i gCill-Orglan é.
Do thugamar ocht Sgilling deag uirthi.
Tá sé tímcheall ar dhá throig ar aoirde agus ceithre troighthe ar fhaid.
Siad so ainmneacha ar ghleasanna na meidre-
an loinithe,
an cláirín agus an cupainín.
Bíonn an loinithe ag dul síos trid an gcláirín agus bíonn an cupainín anuas ar an bpoll ag dul tríd an gclairín.
Deinimíd cuigeann uair amháin sa t-seacthin ins an Samhradh.
Deineann mo mháthair agus mo dheirbhsiúir an chuigeann.
Nuair a thagann stróinséar isteach, buaileann sé greas uirthi ar eagla go dtógfadh sé an t-ím le cómhacht(continues on next page)- Collector
- Seán O Séaghdha
- Gender
- Male
- Informant
- Diarmuid Ó Brosnacháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir