School: Cromán (B.) (roll number 12820)

Location:
Cromane, Co. Kerry
Teacher:
Stiophán Ó Cobhthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0437, Page 145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cromán (B.)
  2. XML Page 145
  3. XML “Scéal mar gheall ar an gCat agus an Francach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa t-seanna shaogal bí cat agus franncach sa tigh. Bhíodar ana mhuinntireach síbhéalta le na chéile. Tháinig lá aonaigOileán Ciarraighe, Dubhairt an cat leis an franncach go raghadh siad go dtí an t-aonach.
    Dubhairt an franncach na h-eagalaibh an t-aonach go marbhófí é.
    Dubhairt an cat ná baoghal dó. D'imthgheadar go dtí an t-aonach.
    Chuadar isteach i bpublic house agus chuadhar i bhfolach ar daoine a bheith ag ól. Tháinig an cat go dtí an franncach i gcion tamaill agus thug sé leis cúll le faobhar é. Chuadar go dtí tobán Whiskey agus chuir an franncach poll isteach sa tobán agus do leig sé air bheith ag ól.
    Ghlaoidh sé ar an gcat " tar anall agus ól braon lem chois" "Ní ólfaidh mé arsa an cat le heagla bheith ar meisce" "ól braoinín," arsa an franncach "i gcóir an bhótair agus chuirfidh sé misneach orainn " Scaip an t-áonach agus thughadar f'én mbóthar abhaile i gcionn tamall den bhóthar bhí an cat ar meisce go dtí go chuadar i naice an tighe. "Táimse ar meisce" arsa an cat, "agus sé an áit go gcodlaidh mé ná i naice na teine i gcataoir agus tuitfhidh mé sa teine is dóighfhidh mé" " Tógfadh-sa amach thú" arsa an frannchach "má thuiteann tú". Má thughadh scribhthe fém laimh ná chuir isteach orm féin ná mo shliocht" "All right" arsa an cat. Chuadar isteach abhaile.
    Am éigin san oidhche thuit an cat sa teine agus d'fág an franncach ann é go dóigheadh é. Thóg se amach an cat as an dteine agus bhí an cat go breóite in dhiadh a spree, agus dhein na franncaig óga agus na franncaigh críona reaic ar fúid a tighe. Bhriseadar cupaí agus sásair agus bhí muinntir an tighe trú agus fró agus " tá mo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig F. Mac Cárthaigh
    Gender
    Male
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry
    Informant
    Miceál Ó Teacáin
    Gender
    Male
    Age
    73
    Address
    Cromane Upper, Co. Kerry