School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 119
- XML “Seancheird”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seana-Ceard.
Do bhí alán seana cheardanna i allóid. I gCromán.
Deanamh Coinnle.
Do marbhuigeadar bó ar dtúis agus thógadar amach an saill.
Chuireadar isteach i mbaisín é agus chuireadhar ós chionn an teine é.
D'fághadar annsan é go dtí go raibh leigthe.
Annsan nuair a raibh sé leighthe do thógadar amach as an mbáisín é agus chuireadar isteach i múnla é.
D'fágadar ins an múnla ar fead dá nó trí lá.
Chuireadar tarrainge ar a bhárr agus i snaidimh ar a bhun cun an bhéiaiceas do choiméad san ait ceart.
Deanamh Súgáin.
Do fúaireadar cipín agus túide agus do chasadar an túide agus do dheineadar tsúgáin de.
Déanamh Tarraingí.
Dheineadar tarraingí de sheana cruidhthe.
Deanamh Mugaí Adhmadh
Do bhí fear dár bainm Muirtille do bhí sé ina comnaidhe i nDhúbglas
agus bhí sé ag déanamh mugaí adhmaid.
Do théigead sé go dtí Cíll-orglan lá san t-seachtain cun íad do dhíol.- Collector
- Eóghan Ó Rathaille
- Gender
- Male
- Address
- Killorglin, Co. Kerry
- Informant
- Séan Ó Rathaille
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Killorglin, Co. Kerry