School: Lóthar (roll number 10045)

Location:
An Lóthar, Co. Kerry
Teacher:
B. Ní Mheidhre
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0466, Page 420

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0466, Page 420

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lóthar
  2. XML Page 420
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí fear i Seanachnoc fadó agus bí bearla agus gaedhluinn aige...

    Bhí fear i Seanachnoch fadó agus bí bearla agus gaedhluinn aige, agus ba mhór an rud é sin mar ní raibh aon bhéarla ag an gcuid ba mhó des na daoine fadó. Bhí búachaill aimsire aige go háirighthe.Do bhí cráinn muice ag an maighistir agus theastuig uaig an much a thabhairt go dtí an cullach. Pé sgeal é, ní raibh aon bhéarla ag an mbuachaill aimsire, agus bhí bearla bríoghmhar blasta ag fear an chullaig. Seán Bán an ainm a bhí an mbuachaill agus Paddy Buidhe a b'eadh an maighistir. Dubhairt Paddy le Seán Bán a cuid béasa a bheith aige nuair a bheadh sé ag cainnt le fear an cullaig, agus "ait" do rádh leis, mar duine uasal do beadh é.
    D'imthigh Seán leis an much, agus nuair a thainig sé fé dhéin tíghe an duine
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish