Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ort le dhá oidhche.” “Níor b’fhéidir dhom é” ars’an sean buachaill. “Bhíos ag déanamh ró-mhaith.” “Ó má’s mar sin agat caithfidh mé tú sgaoileadh uaim ar fad.” “Má caitheann tú níl aon leigheas agam air.”
“Bheul chuirfidh mé tástáil eile anois ort.” ars’an máighistear leis an mbuachaill nuadh. “Má ghoideann tú an bairtlín uaidh agus é bheith ‘na chodladh anuas uirthi agus ná braithfidh sé (í) thú déarfaidh mé ná beadh tú go h-olc.” Bhí sé ag cuimhneamh i rith an lae ar “Phlean.” Chuimhnigh sé air. Thóg sé an bairtlín a bhí fé féin ins an leabaidh agus chuir sé féin sean bhuachaill é, agus thóg sé an bairtlín a bhí fé an agus theasbáin sé dá máighistear é ar maidin. “Is dóich liom nách olc tú ach caithfidh mé tástailt eile do chur ort” ars’an maighistear. “Má ghearann tú na sála ó’s na brógaibh agus na? braithfidh sé thú beidh mé lán t-sásta leat. “
Thug sé leis amach na bróga nuair a bhí an fear eile ‘na chodladh. Do ghearr sé glan na sála ó’n uachtair. “ Ní h-olc thú” ars’an máighistear leis “coiméadfaidh mé ar fad thusa agus sgaoilfidh mé an bhóthar leis an bhfear eile.”
Sin é mo sgéal-sa, agus, má tá bréag ann, bíodh.
Ainm an duine ó’n a bhfuaras an sgéul:-
Pádruig Ua Súilleabháin (69)
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí