Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean-scoileannaBhíodh scoil ag cuid des na leanbhaí fadó i gcró na mbó nó i sean-cabhán. D’íochadh an feirmeóir coróin le h-aghaidh na leath-bliana do’n mháighistir nuair chúiteamh ar an scoilidheacht a thugadh sé dá líon-tighe. Leach agus sláta a bhíodh ag na scoláirí le h-aghaidh scríbhneóireachta. Bhíodh leabhair aca. D’íolaidís dhá phingin ar an chéad leabhar-dhá scilling ar an dara leabhar agus scilling an luach a bhí ar an Spelling Book. Bhíodh leach mór ag an máighistir. Scríobhadh sé uirthi ar an dtalamh agus agus é ar a dhá glúin. Ní bhíodh aon uaireadóir aige ach leigeadh sé abhaile na cailíní agus na buachaillí nuair a taidhbhsigheadh dhó go mbíodh sé buailte len a ceathair a chlog. Gheibhidís mí de laetheannta saoire um Nodlaig, coithcigheas um Cháisc agus trí aeachtmhaine sa t-Samhradh. “Three weeks from nest Monday to be here again “a deireadh an máighistir. Bhíodh eagla go leór ortha roimh an máighistir. Téigheadh siad ar scoil go h-am a bpósta agus iar bpósta dá lán aca.
Bhíodh cómhnuidhe ar an máighistir i dtig bheag amuigh fé’n dtuaidh. Thagadh sé ar scoil de siubhal a chos. Nuair a bhíodh an mhaidin fliuch tagadh duine dá mhuinntir leis cuid de’n tslighe le cairt agus asal. As ló a bhíodh an scoil ar siubhal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ua Muircheartaig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí