Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibheanna Ní bhfaigheadh na mná aon tsásam gan ‘bunch’ de fraoch a thabhairt leotha cun na gciléaraí do scóladh. Dheinidís sgúab díobh leis cun an tinnteáin do sgúabadh.
Aon talamh go mbeadh liath-lus ag fás air deinfeadh sé ana díoghbháil dos na h-ainmidtibh. Téigheann sé isteach san ae agus nuair a raghaidís cun tailimh maith féin ní raghaidís cun cinn ann.
Leigheas “Pills” do thabhairt dóibh ‘na dtrosgadh.Buachaillín Buidhe: Ní fhásann sé in áit go mbeadh talamh maith. Bhí feirm talmhan le bheith ar cheannt. Chuaidh fear amach cun go gceannóchadh sé é ar an “auction.” Bhí an t-athair an-chríonna agus ní raibh an radharc ró mhaith aige agus nuair a chuadar isteach “Seo ceann des na páirceannaibh” ars’ an mach leis an athair. “Féach timcheall ort féinig féachaint an cifeá an buachaillín buidhe ag fás ann.” “Ní fheicim aon ceann aca” ars’ an mach.
“ Ná bac tarrac ort í” ars’an athair.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí