School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 007
  3. XML “Seanchas fá Naomh Colmcille”
  4. XML “Seanchas fá Naomh Colmcille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a bhí Naomh Colmcille i na chomhnuidhe ar an Bhíofán bhí sé an mhór le fear ar an Bhaile Árd.
    Thigeadh sé ag amharc air go minic. Shil an bhean go rabh Colmcille ag cur an fear amugha agus d'amharc sí amac agus chonnaic sí Colmcille ag teacht. "Gabh síos i luighe thusa agus leig ort go bhfuil tú tinn" ar sa sise. Chuaidh an fear síos i luighe agus tháinig Colmcille isteach.
    "Cá bhfuil an fear indiu? arsa seisean. "Tá sé tinn" ar sise "Bhal" arsa Naomh Colmcille "Má tá sé tinn go rabh sé slán agus muna bhfuil sé tinn go bhfaghaidh sé bás."
    Annsin dimthigh sé amac agus chuaidh an bhean síos go ninnseochadh sí an rud a dubhairt Colmcille do'n fhear. Bhí an fear i na luighe sa leabaidh agus é marbh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. ...féach an chéad leathanach eile... 008... don bhunchóip Ghaeilge air seo...:
    Lá amháin nuair a bhí Colmcille ag siubhail thart thuit cnaipe de na chóta. Chuaidh sé isteach i dteach a rabh tailliúir agus gréasaidhe ag obair ann.
    D'iarr sé ar an tailliúir an cnaipe a fhuaghail agus ní fhuaghallfhadh sé dó é. Annsin chuaidh sé fhad leis an ghréasaidhe agus d'fhuagh an ghréasaide an cnaipe dó.
    Indiaidh sin nuair a pholladh an tailliúir a mhéar le na snathaidh tigeadh sé fá thuilleadh air, ac is cuma caidé'n poll a dhéanfadh an gréasaidhe ar a mhéir ní thiocfadh sé fá thuillead air.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish