School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 046
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ins an bhogach amuigh i bparráiste Baile an Droichidh...”
(continued from previous page)Thug an fear coimhthightheach a phaidrín fhéin dó agus bhí cnodanna an-mhór ortha. D’imtigh fear an bogaigh agus níor stad sé go dtáinic sé fhad leis an áit a rabh na daoine ag cruinniughadh agus léigh an sagart an t-Aifreann. Ní rabh aithne ar bith ag na daoine ar fear an bogaigh agus indiaidh an Aifreann d’fiafruigh an sagart dó cas a dtáinig sé.
D’innis an fear dó agus fa’n duine a tháinig aníos fhad leis agus a d’innis dó ca h-áit a mbéadh an t-Aifreann. “Nach Bréag an paidrin atá agat? Arsa an sagart agus d’innis an fear dó cá h-áit a bhfuair sé iad. Rug an sagart ar an phaidrin agus thuit siad i moll cnáimh. Ba é an diabhal a bhí ag cainnt leis an fear.- Bhí fear ina chomnuidhe i nGarbh Ros fád ó shoin agus bhí sé ag dul go Árd an Ratha le fircín ime le na dhiol, ach nuair a bhí sé ag dul suas ag na leachtaí casad fear dó a bhí ag marcuideacht ar mhuin beathaigh. Toisigh an bheirt aca ag comhrad agus sa deireadh daithin an fear a bhí ag dul go Árd an Ratha an fear eile agus bhí sé marbh le tamall fada.
Annsin dubhairt an fear marbh gur mhaith leis a theacht arais go mbéad comhradh aige leis agus “mur gcreideann tú mé ar seisean seo tad na méara a chaill mé ag iasgaireacht ins an(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Nic Giolla Easbuic
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraic Mac Giolla Easbuic
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cionn na Coilleadh, Co. Donegal