School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 047
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Fád ó shoin bhíodh capall ag achan fheirméoir agus d'fhagadh siad...

    Fád ó shoin bhíodh capall ag achan fheirméoir agus d’fhagadh siad na caiple uiligh san chnoc ins an oidhche. Maidin amháin d’éirigh fear a rabh capall aige agus chuaidh sé suas ‘na chnuic go bhfeiceadh sé cá rabh na caiple. Tháinic sé ortha astoigh i cuibhreann geamhair agus bhí an cuibhreann chomhair a bheith millte aca. Thug an fear leis slat agus bhuail sé a chapall fhéin amach as an chuibhreann agus d’fag sé na caiple eile uilig ins an chuibreann.
    Annsin tháinic an fear ar leis an cuibreann agus thug sé próisde dó achan dhuine a rabh capall aige ins an cuibhreann. I gcionn tamall fuair an fear a chur a chapall fhéin ‘un an chnuic bhas. Bhí fear as an bhaile cheadna ag siubhal fríd an chnoc lá amháin agus chonnaic sé fear ina suidhe ar thurtóig agus cuma chraidhte air agus fuair sé amach go rabh an fear seo marbh le tamall fada. D’fiafruigh an fear eile de caide an fath go rabh sé annsin ó fuair sé bas. Dubhairt an fear a bhí marbh go rabh sé annsin ó fuair sé bás agus go mbéadh, go mbhéadh Dia sásta leis ar shon a droch – gníomh a rinne sé.
    Annsin d’fiafruigh an fear eile de goidé an droch-ghníomh a rinne sé agus dubhairt sé gur chuir sé a capall fhéin ‘un an chnuic agus gur fhág sé na caiple eile ag braduidheacht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Nic Giolla Easbuic
    Gender
    Female