School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 029
  3. XML “Seanchas fá Cholm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Colmcille i na fhear óg ní rabh sé déirceach ar chor ar bith. Ní thabarfadh sé rud ar bith uaidh agus d'iarr sé ar an cháilín aimsire gan rud ar bith a thabhairt do na bochta.
    Lá amháin bhí Colmcille amuigh ag cathadh uisge ar an choirce a bhí ag fás aige. Nuair a bhí sé gnóite mar seo tháinic fear an-bhocht chun an toighe agus ní rabh duine ar bith istoigh sa teach ach an chailín aimsire.
    Bhí sise ag déanamh caca mín-chruaidhe agus d'iarr an fear bocht uirthí gíota de a thabhairt daoithe. Dubhairt sise nach dtiocfadh léithí siocair nach mbéadh Colmcille sásta léithí.
    Annsin d'iarr sé úirthí gíota beag de a thabhairt dó agus thug sí dó é. Nuair a bhí sin déanta chait sé isteach an t-arán sa teinidh agus tháinic pionnán coirce amac as.
    Le sin tháinic Colmcille isteach agus d'fiafruigh sé caidé tháinic ar an teinidh, agus nuair a d'innis an chailín aimsire dó fan rud a thárla d'iarr Colmcille úirthí achan rud a thabhairt do na bochta go h-áirid an rud a bhí aige. Ó shoin amac thoisigh Colmcille ag teargasg agus d'éirigh sé 'na fhear an-naomhtha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Niallghuis
    Gender
    Female