School: Caiseal (roll number 13055)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: G.P. Pléimeann
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal
- XML Page 050
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear i n-Gleann aon uair amháin darbh ainm "Johnny". ...”
(continued from previous page)Le sin thug sé amach a sgian-phoca agus bhain greim ar chluais an phéis. “Bhainfidh mé a chluas díot muna dtarfaidh tú liom agus do ghealltanas a comhleanadh”, arsa Jonney. Tháinic an péis leis agus comhlíon sé a ghealltanas, agus sin a fath a bhfuil an oiread talamh ag bunadh I h-Icín ar an Bhaile Ár.(no title)
“Lá amháin nuair a bhí Séamus Ó h-Icín amuigh ag déan-- poitín...”
Lá amháin nuair a bhí Séamus Ó’h-Icín amuigh ag déanamh poitín agus nuair a bhí sé ag éirghe dorcha tháinig reacht gcat isteach chuig teach an phoitín. Thóg Séamus a bhróg agus rinne sé poll ins an talamh agus chaith sé braon beag poitín isteach ins an pholl agus ar a bhomaite rith na reacht gcat chuig an phoitín agus d’ól siad é.
Nuair a bhí sé ólta aca chrom siad a gceann le Séamus agus d’imtigh siad amach as toighe an phoitín agus ní fhacaidh Séamus iad ní ba [mh**]? An oidhche sin tháinig fear isteach chuige a bhi baidhte le fada agus sin sé a láim le Séamus ach sin seisean an maide-bhriste chuige agus rinne an fear a bhí baidhte le fada dhá chuid de’n maide-briste.- Collector
- Liam Ua Canann
- Gender
- Male