School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 028

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 028

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 028
  3. XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”
  4. XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Dubhairt sé fosta go mbéadh still i na suidhe ar an charnaoiligh agus nac mbéadh garda ar bith le é a éileamh agus bhí sin fíor uair amhain.
    Dubhairt sé go dtiocfadh aicíd ar na madaidh roimhe deireadh an t-saoghail agus go mbéadh siad ar mire agus nuair a thiocfadh an namaid nac mbead madadh ar bith le tafaint leobhtha.
    Dubhairt sé fosta go mbéadh na fir comh gann ag deireadh an chogaidh agus go n-éireochadh bean amac agus tchifeadh sí fear i bhfadh uaithe agus scairtfeadh sí na mná uile a theacht a amharc air. Annsin bhéaraidh an bhean eile freagar úirthi. "Níl fhíos agam cá áit a dtáinig sé as."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Róise Nic Niallghuis
    Gender
    Female
  2. Dubhairt sé go dtiocfadh much dubh anoir agus go gcuirfeadh sé muintir Ghlinne uilig amach ins an Pholl Ghorm ach amháin na daoine a bhéadh in a seasamh ar chloich atá eadar an Bhíofan agus an Bhaile Árd. Nuair a bhéafar ag troid an chogaidh dheireannaigh ar an domhan a thiocfas an mhuc dhubh seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.