School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 043

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 043

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 043
  3. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”
  4. XML “Daoine Cáiliúla na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear i na comhnaidhe ar an Garbh-Ros am amháin. Oidhche amhain tháinic fear isteach ag iarraidh air gabhail chuig a teach fhéin no go rabh a bhó tinn agus go rabh sé fhéin ag gabhail chuig bhainfheir. Déirigh an fear agus chuaidh sé leis. Nuair a bhí siad tamall i na suidhe déirigh fear an toighe agus chuaidh sé go dtí an bhainfheir.
    Suidhe an fear eile ag coimheadh na bó. Bhí sé ghá choimheadh tamall nuair a tháinig girrfiadh isteach ar an doras agus chuaidh sí ag tarraingt bainne as an bhó, déirigh an fear agus cuir sé i amach. Táinig sí isteach ath-uair agus chuir sé carr ar an fhear. Chait an fear fód uirthí gur chuir sé amach í. Tháinig sí isteach an tríomhadh uair. Rug an fear ar a ghuna agus chuir sé píosa sé-phiginn isteach ann. Sgaoil sé an t-urchar agus bhuail sé an girrfiadh agus ar an bhomaithe d’éirigh sí suas i n-a bhean.
    A more recent version of this transcript is awaiting approval
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Collector
    Liam Ua Canainn
    Gender
    Male
  2. Bhí muirighean ina gcomhnuidhe ar an Mhalainn Mhóir uair amháin agus lá amháin bhí bean an toighe ag buaileadh bainne ach ní tháinig im ar bith air. D’innis sí an sgeal do fear an toighe agus seachtmháin in a dhiaidh sin bhuail siad arais acht ní rabh im ar bith air an lá seo acht oiread. Nuair a bhí an maistreadh buailte aca tháinig bean déirce isteach agus d’innis bean an toighe an sgéal dí. Dubhairt an bhean déirce go n-innseochadh sise daobhtha goidé a dheánfadh siad.
    D’iarr sí ortha maistreadh eile a chruinnuighadh agus nuair a bhéadh siad ag gabhail a bhuaileadh cárda béirinn bhíg a chur ar than na cuinneoige agus nuair a bhéadh sin déanta chaithfeadh sí an bainne a bhuaileadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.