School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 118
- XML “Seanráite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sé capall na h-oibre an biadh.
Caoire mhór an t-úan i bhad.
Is breág é bheith óg sa Samhradh.
Má’s maith leath bheith buan ól fuair agus te.
Ní bhíonn leigheas ar an gcatú acht é a smactú le foidhne.
Ó Lá le Bríghidhe , bionn na h-éin ag deanamh nead, na caoire ag breith na h-úan, is an lá fuar ag dul i bhfaid gach ré lá, go h-aoibhinn áluinn Ó Lá le Brígid go Lá le Pádraig.
Lá le Bríghid leath an Earrach agus leath an Geimhread.
An té a bhíonn díomhaoín, bíonn sé droch gnóthach.
Dá olcas é Seamus is measa bheith in a éaghmais.
Lá san Earrach, seachtmhain san bhFóghmair.Bhí buachaill aimsire ann fadó agus seo mar adúbhairt sé.
Dá mbeadh an Nodlaig i gcionn na ráithe again
Um cáisg i gcionn na seachdmhaine,
Am Domhnach gach ré lá againn,
Agus lá saoire bheith eatordha,
Aifreann Dé bheith agat gan Failíge,
Tabhair déirc le deagh chroide dearna,
Agus maithfid Dia go léir do pheacaidhe,
Nuair a thiocfaid am a gátair. Micheál Ó Gríbhthín. VII Rang, Glaise,
Ó’m Shean-mhathair:
Peig Bean Uí Mhichíl Uí Morónaigh, Glaise, 75 bl.- Collector
- Micheál Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Informant
- Peig Bean Mhichíl Uí Morónaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry