School: Caiseal (roll number 13055)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
G.P. Pléimeann
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 027

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1045, Page 027

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal
  2. XML Page 027
  3. XML “Tairngreachtaí Cholm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Dubhairt Naomh Colmcille go rabh carraic i nGortaluain agus an té a bhéas astoigh faoin carraic go mbéidh sé sabhailte.
    Go mbéadh tuaisgeart na h-Éireann ag troid leis an chuid eile de'n tir.
    Go mbéadh bealach déanta ar Chnoc an Bhaile Áird agus go muirbhfidhe dhá fear air.
    Roimhe deireadh an t-saogail go mbéadh na Gaedhil agus na h-Albanaigh ag troid agus ar maidin go mbéadh na h-Albanaigh comh láidir le crann darach ins an bhun, ar an deich a chlog go mbéadh siad chomh lag agus nach mbéidh siad abalta a gcóta a iomchar agus ar an mheadhon lae go mbéadh siad uilig marbh.
    Go mbéadh lán iomaire Ghlinne slán indiaidh an chogadh agus go dtiocfadh an lán mara isteach agus nach bhfuigheadh duine ar bith a gcóir.
    Indiaidh sin dubhairt Colmcille go mbéadh dligheadh comh h-olc ag na Gaedhael agus go mbéadh siad ag caoineadh ar uaigh na n-Albanach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish
    Collector
    Proinseas Mac Fhionnlaoich
    Gender
    Male