School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 158
  3. XML “Daoine Beaga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul
    Daoine Beaga
    Tá trí ná ceithre scór bliadhain ó shoin nuair a rachadh na daoine a blighe na mbó ní bhfuighfeadh siad aon dheór aca. Oidhche amháin chuaidh fear amach 'un an bhoithigh leis na ba a bhlighe. Chonnaic sé gearrfhiadh i n-a shuidhe faoi cheann de na ba ag tarraingt an bhainne as úgh na bó.Thug an fear iarraidh air le n-a bhualadh le bata. D'imthigh an gearrfhiadh amach ar pholl a bhí ins an bhalla.
    An dara oidhche chuaidh an fear amach 'un an bhoithigh agus bhí gunna leis. Choimheád sé go d-táinig an gearrfiadh agus sgaoil sé leis acht cha dear an ghnáin dochar ar bith dó. An tríomhadh oidhche chuaidh sé amach, chuir sé bun thrí phighinn ins an ghunna, Nuair a tháinig an gearrfiadh isteach 'un an bhoithigh sgaoil an fear leis agus chuir sé bun na d-trí b-pighinn isteach fríd a chois tosaighe. Tháinig sruth fola le n-a chois agus d'imthigh sé i n-a rith. Lean an fear do lorg na fola go d-táinig sé a fhad le teach. Chuaidh sé isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhearadhaigh
    Gender
    Female
    Address
    Baile na Bó, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ó Fearadhaigh
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Baile na Bó, Co. Donegal