School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 238
- XML “Scálán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhi dlíghte na Géarleanmhna ar bun tá sé i mbéal na ndaoine is sine gur marbhuigheadh an pobal Domhnach amháin nuair a bhi siad ag éisteacht An Aifrionn ag teampall Ráithche i b-paróiste Raíthche Muintire Dhomnaigh. Bhi an sagart ag leigheadh An Aifrionn nuair a thainic saighdiúraí na Sasain ar amharc toighe an phobal. D'eirigh le cuid den phobal imteacht sul a d-tainic na saighdiuraí fhad leó. Cuaidh siad in gach cearn, cuid aca bealach Dhruim na Teineadh. Cuid bealach an Dúin Mhoir agus a lán aca síos go h-Oirthear Dhumhtaigh, an áit nach d-tiocfadh leis na saighdiúraí iad a leanamhaint, agus ar sgor ar bith bhi gléas níos feárr ann le creagachaibh pluaiseannaibh agus umhachaibh iad féin a chur i bhfolach. Niór baisteadh aon ainm úr ar an áit mar gheall ar an ócáid seo. An méid den phobal nár eirigh leó imtheacht, agus a beireadh orra. marbhuigheadh uilig iad, agus as socair go rabh éadach an Aifrionn ar an t-sagart. Ní rabh sé ábalta fághail réidhtighe comh gasta leis an phobal. Bhi na saighdiuraí ag an teampall anois, fuair siad greim ar an t-sagart marbhuigheadh é láithreach bonn agus tá sé curtha, mar deirtear, ar an taobh amuigh den doras: Tá sé curtha treasna ar leic an dorais.(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- an tAthair Ua Frigil
- Gender
- Male
- Age
- c. 56
- Occupation
- Sagart