School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 200
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear i n-a chomhnuidhe taobh amuigh de Leitir Ceanainn. Domhnall mac na baintreabhaighe a bhí air. Ní rabh lá ar bith nach n-diolfadh sé cárr mónadh.”
Bhí fear i n-a chomhnuidhe taobh amuigh de Letir Ceanainn. Domhnall Mac na Baintreabhaighe a bhí air. Ní rabh lá ar bith nach ndiofadh sé cárr mónadh. Nuair a thiocfadh sé 'un an baile lionfadh sé cárr eile fá choinne a bheith ar shiubhail go luath ar maidín. D'fhágfaidh sé an capall amuigh le n-a sáith a bheith ithte aici le h-imtheacht go Letir Ceanainn ar maidín. D'éirigh sé an mhaidín seo, agus chuaidh sé a chuartadh an capaill. Fuair sé ná luighe í a bpoll bachta mónadh agus a cárr fiacla nochtuighthe agus dubhairt sé léithi má tá sé i n-a ádhbhar gáire agat sa níl sé in-a ádhbhar gáire agan sa, go bhfuil mo chárr mónadh le fágháil i Letir Ceanainn, agus shéidh sé uirthi le bata gur chuir sé í in-a suidhe agus gan í a bheith ag gáire air. Ná bhí do luighe suas annseo a shean chapaill bháin, ná chuir mo mháthair deireadh na mine ar an pota anois."
D'iarr sé uirthi bheith in-a suidhe go rachfadh sí fhéin agus é fhéin go Letir Ceanainn go bhfuighfeadh siad luach na mine. Tháinic sé aníos chuig a mháthair agus d'innis sé di go rabh an capall i n-a luighe agus í ag briseadh a croidhe ag gáire faoi. Chuaidh an mháthair síos go dtí an áit a rabh an capall agus(continues on next page)- Collector
- Máighréad Nic Fhionnghaile
- Gender
- Female
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal
- Informant
- Mághnus Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Doire Uí Fhríl, Co. Donegal