School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile na Bó
- XML Page 245
- XML “Eas Fhionáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Am amháin nuair a bhí Colmcille ag rádh a chuid urnaighe agus ag léig'eadh a phortus comgarach ag an fhairrge ós coinne Toraigh; ag an phort fá choinne Toraighe amach; Thainic thart mór ar shagart óg a bhí in a chuideachta, agus cia bhí ins an chléireach óg seo acht Naomh Fíonáin. Agus ní rabh uisce ar bith comhgarach aca, acht an tsáile.Nuair a chonnaic Colmcille goidé mar bhí, agus go rabh Fionán comhair a bheith ag bárr de dhíoghbháil uisce, bhuail sé trí bhuille le n-a bhata ar an charraig do bhí ós a choinne, agus thainic trí srutháin uisce as an charraig, ar an bhomaite, sa chrúth gur baineadh an tart de'n Naomh.Tá na trí srutháín sin ag teacht as an charraig go dtí an lá indiu, cosamhail leis an lá sin, agus bíonn miorbhuiltí ins an uisce, agus tá léigheas ann do go leór accídeach, mar laige, tinneas corp, meath, pian na g-cnámh, claoidhteacht.An chéád luain i Mí na Lughnasa, agus Lá Fhéile Muire fá Lughnasa, agus Lá Fhéile Mhuire fá'n Fhoghmhar is mó a bíonns daoine ag deanamh an turais go h-Eas Fionáin. Mná agus páisdí is mó a bhíos ag dul ann anois ar na laethe seo. Théid na sean fhir fosta. Téidhtear ann go minic ar na(continues on next page)
- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Domhnall Mac Fhlaithbheartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Informant
- Seán Ó Congaile
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal
- Informant
- Séumas Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Address
- An Cheathrú Cheanainn, Co. Donegal