School: Baile na Bó (roll number 2260)
- Location:
- Baile na Bó, Co. Donegal
- Teacher: Ailbhe Ó Conáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Go díreach mar bhí buidhean ag na Caitilicigh le h-aghaidh troda a chur suas i n-éadan na d-tighearnaí talamh bhí buidhean ag na Protustúnaigh le troid i n-éadan na g-Caitiliceach. Ní rabh mórán de na Protustúnaigh insan áit acht an méid a bhí bhí siad dolbach, mar bhí an dligeh in-a leith agus bhí na Tighéarnaí Talamh ar an binse lá na Cúirte. Ní dhaorfadh siad protustúnach ar bith.
Leag na Protustúnaighe amach go sgaoilfeadh siad an t-Athair Mac Stiofáin. (Sagart Ceanntair an Fhálcarraigh.) Caith siad crann go bhfeicfeadh siad cé dheánfadh an obair agus thit an crann ar Phádraic Irvine. Níor ghlac seisean le sin a dheanamh, bhí sé sásta an chéad uair. Acht d'éirigh sé fuar insan obair, agus faoi dheireadh ghlac sé ar fad. Badh é Seán Beatty a bhí in a cheann urraidh ar chumann seo na b-Protustúnach. Thárla sé go rabh uaireadóir ag Pádraic Irvine seo amuigh i Leitir Ceanainn le bheith cóirighthe. Ní rabh aon fhear níos conigaraighe(continues on next page)- Collector
- Ailbhe Ó Conáin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Mághnus Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Address
- Baile Chonaill, Co. Donegal