School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 257
  3. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba h-iad na h-Olphertaigh na tighearnaí talmhan a bhí ins an áit seo. Bhí siadsan in a g-comhnuidhe i mBaile Uí Chonaill, an ait a bhfuil Coláisde Brighdhe - ceann de na coláisdí ullmhucháin - agus fuair an duine deireannach de'n dream sin bás ins an bhliadhain 1919, agus tá sé curtha i roilig speisialta, i ngar do'n chaisleán bhí aige.
    Thainic na h-Olfartaigh go Baile Uí Chonaill sa bhliadhain 1611 nó mar sin. Cha dtainic siad le linn planndála Chúige Uladh, acht ní rabh sé abhfad i n-a dhiaidh. Tá timcheall míle acra talmhan ins an duíthcí seo. Cuireadh na daoine amach as a gcuid talta mar nár dhíol siad an chíos i d-tráthaibh na mbliadhain 1887-1890. Cuireadh amach na daoine as na tighthibh, agus leagadh na tighthe fosta. Bhí na daoine sin a cuireadh amach thoir i mBaile na Bó. Sé chinn déag de theaghlaigh, agus iad beó í gcró agus i mboithigh. Tigthe fóid a bhí insna tighthibh beaga seo. Deanta suas i n-éadan claidhe. Tá cuid mór de na daoinibh a cuireadh amach ins an am sin beó go fóill. Fuair siad uilig isteach ar ais faoi an tighearna céadna nuair a shocruigh an saoghal síos. Macasamhail trí bliadhna do bhí siad amuigh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Séarlus Mac Iomhair
    Gender
    Male
    Age
    62
    Address
    Baile na Bó, Co. Donegal