School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Donegal
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 274

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 274

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 274
  3. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Eanair 3ú 1889”
  4. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Teach Néill Uí Dhubhgáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar leanamhaint
    agus cuireadh glais láimhe ar gach péire fear aca. Tugadh ar charrannaibh iad go Dún Fionnachaidh agus lá ar n-a bhárach tugadh go Doire iad le cur sa phríosún annsin. Bhi suas le 50 cloigne de na "Enniskillen Dragoons" i n-éinfheacht leó mar ghárda ar eagla go bhfiachfadh siad le briseadh ar shiubhal ar an bhealach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. teach Néill Uí Dhubhgáin
    Ar an 4.1.1889 chuaidh na saighdiuraí ar ais agus na constáblaí as Bheiric an Fhálcarraigh go teach Néill Uí Dhubhgáin as an Árdaidh i nGort a' Choirce le eisean agus a theaghlach a chur amach. Bhí dhá fhear déag annsin fosta ag cosnadh an dúna, ( Dún an t-ainm a bhithear ag tabhairt ar na toighthibh a bhíodar ag cosnadh). Bhí an teach dhá stoír ar aoirde, agus bhí na saighfiúraí agus na emergency men ag caitheamh isteach clocha ar na fuinneógaibh agus ag iarraidh na cosantóirí a loiteadh, agus bhí na cosantóirí ag caitheadh amach na g-cloch ar ais. Bhí na saighdiúraí agus fórsaí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mághnus Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Baile Chonaill, Co. Donegal