School: Barrow (roll number 11850)

Location:
Barrow, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó hUallacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0438, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Barrow
  2. XML Page 129
  3. XML “Poll an Chait Fhiadhaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sé an ainm atá ar an gceanntar thart tímcheall na sgoile annso ná Cárruadh. Deirtear gur tugadh an ainm sin ar an áit ó naomh a bhí na chómhnuidhe annso fadó dárab ainm N. Cárintus. Tá lios i ngiorracht ceathrú mhíle don sgoil annso agus "Lisín Chárúin" an ainm atá air. Deir na daoine annso liom gur tugadh an ainm sin air ón naomh. Tá trí fáiní thart tímcheall an leasa, fáiní móra cré. Ní bhfuairtar aon stair ó's na daoine i dtaobh an leasa so ná i dtaobh an naoimh.
    Ar an dtaobh thoir den mbaile seo tá faill árd agus istig ar thaobh na faille tá trí puill móra agus tá sé ráidhte go bhfuil poll fé thalamh (tunnel) ag dul ón áit sin go dtí an dtaobh thiar den mbaile, faid dhá mhíle no mar sin, agus go mbíodh smugléireacht ar siúbhal go mor ann fadó.
    Ar an dtaobh thiar den mbaile tá faill mhór árd mhéisgreach ar bhruach na farraige. Tá poll sa bhfaill sin ar a dtugtar 'Poll a' Ghabhair'. [?]
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Location
    Barrow, Co. Kerry
    Collector
    Mícheál Ó hUallacháin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mrs Kate Harmon
    Gender
    Female
    Age
    81
    Address
    Barrow, Co. Kerry