School: Barrow (roll number 11850)
- Location:
- Barrow, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó hUallacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Barrow
- XML Page 168
- XML “A Ghost Story”
- XML “Cur agus Baint na bPrátaí Anseo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)[-]
- Cur agus bainnt na bPrátaí annso.Ait (?) iseadh an ceanntar so ná fuil puinn staire ná béil oidis ag baint léi.Tá dhá chaisleán sa chómharsanacht ach ní féidir liom puinn eolais d'fhághail os na daoine 'na 'dtaobh - cathain a tógadh iad, cé thóg iad nó cad chuige gur tógadh iad. Deirtear liom go raibh smuglaéireacht ar siúbhal ann tráth.
Béarla ar fad a labhartar innti, níl aon Ghaodhlainn ag na sean daoine ach oiread.Líomatáiste de thalamh mhaith shaidhbhir atá annso timcheall, agus tá feirmeoirí maithe gustalacha ann leis. Tá a lán sglámhuidhthe ann freisin, agus bíonn talamh - sgóir aca ós na feirmeoirí móra. Fástar a lán prátaí annso. Cuirtear na prátaí i ndrilleanna agus i leabhthacha. Drilleanna is mó a deintear. I gcoinnleach (gort go raibh arbhar ann an bhliain roimhe) a chuirtear prátaí i ndrilleanna. Tréabhtar an talamh go luath timcheall na Nodhlag, deintear é fhuirse agus dith-fhuirse. Ansan osgaltar(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó hUallacháin
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir