Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear thíos i bpríosún i gCorcaigh fadó. Bhiodar daortha chun a gcrochta. Ón dúthaigh seo a beadh duine aca agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag guidhe chun Naomh Gobnatan é do shaoradh. An paidir seo a bhíodh ghá rádh aige.
“A Ghobnait mhúinte,
Ó Bhaile Mhuirne,
Tar-se chugham-se"
Led chabhair is led chongnamh.
Bhíodh an fear eile ag magadh fé agus nuair airfheadh sé an phaidir a rádh aige deireadh sé. “Beidh sí id chúram” An oidhhe dheirneach Dosgaladh an dorus agus tháinig an bhean uasal isteach cúca. Do bhagair sí ar fhear Beal-ata-an-Gaorthaidh teacht léi. Nuair a chonnaic an fear eile iad ag imtheacht do chaith sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé.“A Ghobnait mhúinte” srl Diompaigh Gobnait siar air agus dubhairt sí an chaint a deireadh sé féin,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí